22. Deireadh Seachtaine Gaeltachta

Bhí an Deireadh Seahtaine Gaeltachta i gCathair na nAingeal i 2016 IONTACH!

Cathair Ghríobháin16

Le múinteoirí le Gaeilge ó Chiarraí, ó Dhún na nGall, agus ó Chonamara, bhí ár nGaeltacht féin againn don Deireadh Seachtaine. Bhí chuile dhuine, fiú na daoine nár fhoghlaim Gaeilge cheana, AR FHEABHAS!

Céard a rinneamar?

Thugamar Féin an Samhradh linn: casta

Bábóg na Bealtaine: déanta

Spreagfhís: feicthe

Cathair an Ghríobháin: déanta

Snaidhm Cheilteach: tarraingte

Damhsa ar an sean-nós: foghlamtha

Aoibhneas na Bealtaine: foghlamtha

Cor na Sióg: déanta

Rince Mór na Tine: déanta

Amhráin Pop: casta

Amhráin Traid: foghlamtha

An dreoilín: chrochamar suas é ♫

Scoraíocht: aisteoirí den scoth againn!

Forógra na Poblachta: fógartha

Scrúdú le fáinne a fháil: úhú Paula!

Scéalta: roinnte

Cairde: déanta

Craic? Cinnte!

ó

agus Gaeilge foghlamtha, ar ndóigh, agus in úsáid go nádúrtha.

___________

Seisiún den scoth ina dhiaidh i Santa Monica le Gaeilge ar fud na háite.

_____________

Ardmholadh do Ramona Reeves a bhunaigh DSGLA & a chuireann a croí ann chuile bhliain.

Ardmholadh do Shéamus, ár múinteoir Fulbright a thaiseal ó Idaho le bheith linn.

Míle buíochas le Fulbright a sheol Séamus chugainn.

Ardmholadh dár múinteoir Imelda, a thaisteal ó San Francisco le bheith linn.

Ardmholadh  d’Audrey a thiomáin ó California Thuaidh & a chas amháin dúinn.

Buíochas speisialta le Tadhg Ó Máirtín a chas amhráin is a sheinn ceol dúinn.

Buíochas speisialta le Nuala Kennedy a bhí linn & a chuir an seisiún ar siúl i Santa Monica.

Buíochas le AF International College a thug cead dúinn an scoil a úsáid.

Buíochas libh ar fad a scaip an scéal faoin ócáid seo.

Buíochas le Arge, le Mark, le Jean. le Joe…

le chuile dhuine a chabhraigh linn idir ullmhúcháin agus glanadh suas.

_____________

Bhí an t-ádh orm bheith le daoine chomh cliste sin le grá mór acu don teanga. Bhí gach duine dáiríre iontach. Rinne daoine nár fhoghlaim Gaeilge cheana dráma as Gaeilge!!! Filíocht, dráma, ceol, rince: bhí sé go léir againn.

Pics le Joe, mo cheol thú!

Damhsa TadhgMaria

Ardrang

DúirtBeanLiomKatMarkMarkMeganSnapchatBia

Ag an seisiún ina dhaiadh ag O’Brien’s i Santa Monica

21. Céilí Rua i Newhall

Bhí an t-ádh linn bheith páirteach i sraith de cheardlanna a bhí á eagrú ag an Amharclann Ford i Newhall le déanaí. Mhúin Erin rincí Gaelacha do dhaoine ag an leabharlann álainn atá acu ansin agus mar a fheicfidh sibh, bhain daoine an-taitneamh as!

Photo credit: The Future Collective, courtesy of Ford Theatres

NewhallGrúpa2

Ceoltóirí den scoth & múinteoirí den scoth le Erin & Kerry ag baint taitneamh as an ‘obair.’

NewhallGrúpa1

Idir óg & aosta ag foghlaim gan taithí ar bith acu cheana ar rincí Gaelacha.

NewhallGrúpa3

Ní raibh ach uair a chloig ann ach d’fhoghlaim siad na buncéimeanna, Ballaí Luimní,

Baint an Fhéir, & Tonnta Thóraí! Maith iad! Bródúil astu. Bhí spraoi ann.

Maith agaibh, Jennifer & a foireann a d’éagraigh an ócáid seo dúinn! ♥

20. Áit Nua

The Announcement! Áit Nua
Next Gaelic Sunday is at 3807 Wilshire Blvd #600, Los Angeles, CA 90010 until the end of this course.
After the immersion weekend in May, classes will continue on in Wilshire with that as the main branch and we will hold classes on the West Side again too. Stay tuned.

An tseachtain seo chugainn beidh muid ag 3807 Wilshire Blvd #600, Los Angeles, CA 90010 go deireadh an chúrsa. I ndiaidh an Deireadh Seachtaine Gaeltachta i mBealtaine, leanfaidh na ranganna ar aghaidh i Wilshire agus beidh craobh againn ar an Taobh Thiar freisin.

19. GRMA The Wilde Thistle

Slán, Wilde Thistle & GRMA!

Important Announcement
We will be moving location April 17th 2016.
Watch here for details coming soon.

Beidh ár ‘Gaelic Sunday’ deireanach againn ag The Wilde Thistle 04/10/ 2016.
With great sadness we announce that we will have our last Gaelic Sunday at The Wilde Thistle on 04/10. This was more than a home to us. It had the heart and soul of all that is best of the Gaels. Caity Wallace & her talented family created a cultural center in LA that will be sorely missed.

We will be announcing a new venue for 04/17 soon but right now, we want to share how we had pure magic in LA thanks to The Wilde Thistle. All the friends we made, the joy we shared: you will always be in our hearts, Wilde Thistle I gcónaí inár gcroíthe.

Deacair a thuiscint nach mbeidh áit mar seo ann arís. Muid uilig fíorbhrónach agus buíoch as a rinne Caity agus a clann dúinn. Thug sí tús iontach dúinn.

Féach Facebook le físeáin a fheiceáil ón Wilde Thistle: ceol, craic, cairdeas…

cultúr https://www.facebook.com/Wildethistle/?fref=ts

Téigh slán

Tús Maith

Countdown

Na rangannaCnanA

Na fógraí a scríobh Brennan dúinn, i ngan fhios dúinn ♥

Brennan'sSign

Pobal na nGael

rang1pic

Na damhsaí

Pic Rinceoirí

An t-eolas

Wilde Thistle

An grá

Clárdubh

Beidh sibh i gcónaí inár gcroíthe, Caity, Brennan, Liam, Ciara… Grá síoraí.

 

17. Céilí Rua i Newhall

JAM Sessions & Concert