2. Teacht ar an Saol

Craobh na nAingeal, Cathair na nAingeal, California

Tús gach ní: creideamh

Logo

An labhraíonn na haingil Gaeilge, meas tú? Tá Gaeilge i gCathair na nAingeal ar aon nós le craobh nua de Chonradh na Gaeilge ann, Craobh na nAingeal. Sin é. Thuig tú. I Los Angeles. Sea, muise, creid é nó ná creid, tá Gaeilge le cloisteáil san áit ina mbíonn réalta ar an talamh agus an ghrian ag lonradh go hard sa spéir. Bailímid le chéile sa Choill Naofa (nó Hollywood más mian leat) dhá uair sa mhí le scéalta a roinnt agus pleananna a dhéanamh leis an nGaeilge a chur chun cinn.

Craobh dhóchasach óg muid: neamhurchóideach ar nós na naingeal. Bhuel, óg ar aon nós. Bhí an t-ádh linn nuair a thug Cuan Ó Seireadáin ó Chonradh na Gaeilge cuairt orainn ag deireadh 2014, bail ó Dhia air. Chreid sé ionainn, scríobhamar ainm ar pháipéar, Craobh na nAingeal, agus chreideamar ionainn féin. Rugadh muid i mbliana. Aililiú.

Sa Choill Naofa a bhíonns an spraoi is na scéalta againn. Bíonn roinnt mhaith dár mbaill nach raibh riamh in Éirinn ag caint le chéile as Gaeilge gan stró ar bith. Ardaíonn siad mo chroí chuile uair a chloisim iad. Bíonn siad lán le smaointe, fuinneamh, is bród. Níor fhoghlaim siad náire. Ní thuigeann siad cén fáth an mbeadh náire ar dhuine ag labhairt an teanga álainn seo. Nach iontach an rud é! Canúint nua a bheas againn anseo as seo amach, déarfainn, le blas California ag meascadh le canúintí na hÉireann. Creidimid sa teanga is bainimid taitneamh aisti.

Tá neart pleananna againn. Níl sé i gceist againn fanacht in aon áit amháin sa chathair. Tá Cathair na nAingeal i bhfad ró-mhór le Gaeilge a scaipeadh ó ionad amháin. Mar sin tá chuile dhuine ag tabhairt faoi ciorcal comhrá a bhunú in áiteachaí éagsúla ar fud na cathrach. Tá an Club Leabhar againn ag léamh Artemis Fowl as Gaeilge faoi láthair. Beidh an Club Scannán ag tosnú an mhí seo chugainn mar seo Hollywood, béib. Beidh blag againn roimh i bhfad is eolas ann faoi na himeachtaí ar fad a bheas ar siúl againn agus scéalta ann ónár gCumann Staire. Beidh siadsan ag díriú ar stair California agus na hÉireannaigh. Scéal faoi Alcatraz ar bharr an liosta atá le foilsiú acu.

Cé go bhfuil ranganna as Gaeilge le fáil san Celtic Arts Center anseo faoi láthair, ní leor é sin do chathair le timpeall 18.5 milliún daoine. Mar sin tá sé i gceist againn ranganna a chur ar siúl sna háiteachaí ina mbíonn rinceoirí na Celtic Pub Dancers ag damhsa. Is muid ag scríobh fúinn féin anseo tá muid ag ullmhú freisin don Deireadh Seachtaine Gaeltachta i gCathair na nAingeal mar táimid lánsásta tacaíocht a thabhairt do chuile dhuine atá ag iarraidh an Ghaeilge a chur chun cinn anseo. Beidh Imelda White as Dún na nGall agus Brian Ó hAirt in éindí linn don ócáid sin.

Cuireann sé ionadh an domhain orm nuair a fheicim an obair atá déanta cheana féin ag daoine i San Francisco ar son na Gaeilge le Meiriceánaigh ag casadh ar an sean-nós agus ag tógáil a ngasúir le Gaeilge. Tá muid óg fós i gCathair na nAingeal ach ag foghlaim go tapaidh mar creidimid i dteanga na nAingeal agus sin Gaeilge, gan dabht ar bith. Tá ardáthas orainn bheith le Conradh na Gaeilge.

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s