5. Dhá Shlat de Bratwurst

DHÁ SLAT DE BRATWURST

Gearrscéal le Harrison Lawing

Seo an scéal faoi rud éigin a rinne mé nuair a bhí mé san arm.

Bhí mé lonnaithe sa Ghearmáin agus lá amháin is lá saor againn bhí muid ar fad inár seasamh timpeall ag caint agus ag gáire. Bhí muid ag smaoineamh ar rud éigin le déanamh, agus mar sin dúirt mise: Is féidir liom dhá slat de bratwurst a ithe. Rinne siad go léir gáire faoi ag rá go raibh sé dodhéanta! Dhearbhaigh mé nach raibh agus go raibh aithne agam ar áit ina raibh sé le fáil. Mar sin, chuaigh muid ann go díreach i ndá gluaisteáin toisc go raibh a lán de na daoine ag cur geall nach bhféadfaí é a dhéanamh.

Roimh i bhfad tháinig muid ag an mbialann is bhí muintir na háite ar imeall a suíocháin nuair a chuala siad mé ag cur isteach m’ordú. Bhí mé leath thríd ag ithe is mo chairde ag glaoch amach do mo ghríosadh, ach rinne muintir na háite aoibh mar bhí a fhios acu nár éirigh ach le cúpla daoine riamh an éacht seo a dhéanamh cheana. Ní raibh aon eagla orm ach d’athraigh cúrsaí nuair nach raibh ach slat amháin fanta. Shuigh mé ar feadh cúpla nóiméad eile is mo chairde ag glaoch amach le mé a spreagadh.

D’fhoghlaim mé dá líonfainn mo bhéal, bheadh orm é a ithe. Ar deireadh chríochnaigh mé an greim deireanach agus thug gach duine moladh dom. Sin mo scéal agus tá neart finnéithe thart le é a dheimhniú.

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s