6. Áit Nua Againn

Bhuel, faoi dheireadh d’éirigh linn áit nua a fháil dúinn féin sa chaoi nach bhfuilimid san Mayflower (Club Briotanach) níos mó. Cé nách linne an áit nua (an Café Wilde Thistle i gCathair Culver) i ndáiríre, tá ealaín Cheilteach ar an mballa agus fáilte is fiche romhainn.

Muid fíorbhuíoch as a rinne Erin Ealy dúinn nuair a fuair sí an áit seo dúinn is nuair a bhunaigh sí Céilí Rua ansin. Gach Domhnach bailíonn daoine le chéile ann le rincí a fhoghlaim is a chleachtadh. Bhí ár gcéad ‘gig’ againn an deireadh seachtaine seo caite in áit álainn i Santa Ana le ceoltóirí traidisiúnta den scoth, na Ploughboys & a gcairde. Gléasta inár T-léinte nua le Gaeilge chomh maith. Maith thú, Erin!

Amárach beidh muid ag pleanáil 2016 san Wilde Thistle céanna agus san Athbhliain beidh na ranganna Gaeilge ar siúl ansin gach Domhnach freisin. Tá sé i gceist againn i bhfad níos mó ranganna a chur ar siúl.

Ag féachaint siar, is ár gcraobh aon bhliain d’aois, feicim gur mhaireamar bliain iomlán san Mayflower leis an mBanríon is Churchill ag breathnú anuas orainn. Muid buíoch as mar sin féin, dáiríre, is daoine maithe ann. B’shin seans dúinn rudaí a chur le chéile, Gaeilge a mhúineadh, Club leabhar a bhunú, ciorcal comhrá a scaipeadh, drámaíocht is craic as Gaeilge a spreagadh, is bheith páirteach in imeachtaí ar nós Comhrá 15.

Ar an liosta dúinn anois, bheith cláirithe mar ‘non-profit,’ Gaeilge a scaipeadh ar fud na cathrach, teagmháil a dhéanamh leis an CLG anseo agus daoine le Gaeilge a tharraingt le chéile. Go hard ar an liosta freisin, caint le ollscoileanna le feiceáil an féidir cúrsa a chur ar fáil ansin & ionad don TEG a fháil anseo. Is ar ndóigh beidh imeachtaí againn do 2016 (ag cuimhniú ar 1916).

Raightso, amárach tá neart le déanamh so beidh mé ar ais libh leis na scéalta ón gcruinniú sin nuair a bheas sé thart.

Ré nua.

Ag súil go mór leis.

Craobh na nAingeal arlíne ar

Tumblr: http://cnagla.tumblr.com/

Twitter:@CnaGAingil

Rphost: cnaglosangeles@gmail.com

Facebook ag teacht…

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s