11. Tús Maith

Sláinte!

2016 linn agus tús maith againn dabht ar bith. Thosaigh sé ag meánoíche (am Éireannach) anseo i gCathair na nAingeal le comhaireamh síos as Gaeilge sa chafé Wilde Thistle buíochas lenár gcara Gaelach, Caity Wallace.  Maith í ♥

Countdown

Cé nach raibh comhaireamh síos againn as Gàidhlig agus Gaelg i mbliana, beidh i 2017 le cúnamh na Déithe. Eanáir 10, 2016 thosaíomar le Gàidhlig agus Gaelg. An-suim ann is bhí sé an-taitneamhach. Neart le foghlaim le spraoi. Is breá liom an grúpa seo.

CnanA

Na Gaeil ag foghlaim le chéile. Grúpa iontach ar fad! Maith sibh!

Rang 1 pic

Rinneamar é! Tá ár ranganna tosnaithe san Wilde Thistle agus daoine ag foghlaim le spraoi ann. Chuireamar an scéal amach agus tháinig siad. Daoine lán le grá don chultúr. Chuir siad ionadh orm. Beannachtaí ó na Déithe orthu.

Thosaíomar le grúpa ag foghlaim Gaelg & Gàidhlig ach chuir sé ionadh orainn cé chomh héasca is atá sé frásaí a fhoghlaim is a úsáid go nádúrtha. Tá muid ceangailte le chéile mar Cheiltigh gan dabht ar bith.

Ar aghaidh linn ansin go na ranganna sa Ghaeilge agus bhí Ramona iontach lena grúpa. Comhghairdeas léi. Muid an-bhródúil aisti. Oideachas le craic agus Gaeilge á labhairt ag gach duine gan eagla. Nach maith sin!

rang1pic

Bhí seans ag gach duine cúpla focal a rá ag Gaeilge 1. Le spraoi ó Bhuntús Cainte arlíne agus Ramona ag míniú gach rud go soiléir, bhí ag éirí go breá leo roimh i bhfad! Bhí comhrá agus gáire, agus Gaeilge, neart Gaeilge le cloisteáil ón gcúinne seo sa chafé ♥

D’éirigh go breá le Gaeilge 3 agus Gaeilge 6 chomh maith. Chuaigh cuid de na daoine ó Ghaeilge 1 le cluiche Scrabble as Gaeilge a imirt in áit eile sa chafé nuair a bhí siad críochnaithe.

Sa chéad rang de Gaeilge 6, d’fhoghlaim daoine téarmaí sa Ghramadach, conas focail a chur le chéile, conas inscine a aithint. Ana-chuid oibre i gceacht amháin! Maith iad!

Leanamar na ranganna le Céilí Rua is bhuail réalt Hollywood isteach le rincí a fhoghlaim linn. Is ceoltóir é freisin.

Caithfidh gur tharraing sé ádh isteach leis is dhá gigs bookáilte ag an gCéilí Rua ó inné.

Bhíomar ann ó 11:00rn – 6:00in. Bhí sé iontach.

Maith sibh, lucht an Wilde Thistle is chuile dhuine atá linn ar an turas seo.

Tá mé chomh bródúil sin as chuile dhuine a bhí ann.

Tús maith… Tús den scoth!

 

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s